( The Irish Colonies in Swift County, Minnesota )
AN CHÉAD GHUTH : Rinne mo thuismitheoirí poll mór i lorg an chnoic, chuir fráma ar a thaobh agus chlúdaigh le scraitheanna é agus is ann a chaitheamar an geimhreadh.
Ní raibh aon ní glas ann ach na feochadáin. Líon dusta na ngort an t-aer agus bhí sé chomh smúitiúil sin i gcaitheamh na hiarnóna nach mbeifeá in ann fuáil a dhéanamh fiú amháin.
Chuir stoirmeacha deannaigh salachar á charnadh thart ar na fálta; thagadh na beithígh abhaile, á shamhlú go raibh sé ina oíche. Ó muise, is maith is cuimhin liom chomh minic is a bhí orainn na lampaí a ghlanadh.
Um thráthnóna, ba nós le seanfhear as Contae Mhaigh Eo suí síos agus líonta iascaigh a dhéanamh. Ach ní raibh abhainn ann dá líonta, ná éisc. Chabhraigh na hIndiaigh leis na coilínigh Éireannacha teacht ar ghéim agus ar ainmhithe.
Bhímís ag malartú leis na hIndiaigh chomh maith, bia in áit coirníní agus earraí lámhdhéanta.
Is cuimhin liom tréada buabhall ar na féarthailte, capaillíní gleoite na nIndiach agus an marmat machaire nó an "prairie dog." Bhí na cadhóití go flúirseach ann agus chloisfeá a nglam istoíche. Go deimhin, chuireadh a gcaoineachán an croí tharat agus an lá ag dul ó léas.
Chuir an tOileán Úr díomá orainn. An chéad bharr againn, barr breá muise, loite ag an dreoilín teaspaigh. Tháinig na feithidí sin mar néalta na spéire.
Ar éigean a chífeá an ghrian. Dhá bharr as a chéile loite acu sula raibh toradh ár gcuid oibre le feiceáil againn. Dhera, néal dreoilíní teaspaigh, d'íosfaidís na buataisí ort! Tháinig tinneas ansin agus an bás. Leath an diftéire mar dhóiteán machaire i measc na nÉireannach.
AN DARA GUTH : Nuair a chuaigh m'athair i mbun feirmeoireachta ar dtús is ag iompar an ghráin ina bhaclainn a bhí sé, is an staicín á iompar ar a dhroim aige, an féar mar an gcéanna, mar nach raibh pingin rua aige chun seisreach a cheannach. An chéad seisreach aige ná cuingir dhamh. Cheannaigh sé na daimh riata trí bliana tar eis dó dul i mbun na feirmeoireachta agus trí bliana sular éirigh leis teach a fháil.
Chonaiceamar fianna is bíosúin, nó "bison," is iad ag teacht chun uisce a ól. D'éirigh m'athair as an leaba uair amháin agus bata ina lámh aige chun breith ar bhroc a ghabh tríd an gclós. Níor úsáid sé gunna riamh.
D'úsáidtí clúmh éan i bpiliúir agus i leapacha. Chóirítí éin chlóis de láimh. Bhí mairteoil le leasú, arbhar le meilt le haghaidh aráin, agus sútha talún le piocadh. Bhíodh na fataí á stóráil sa siléar. Ní raibh adhmad ar bith ar na féarthailte le haghaidh connaidh mar sin is diasa arbhair a dhóití nó fiailí móra.
Nuair a bhí sé in am na goirt a ullmhú don ghrán buí, bhí orainn an scilligeadh a dhéanamh ar dtús. Sháifeá amach iad le d'ordóg agus ansin le bonn d'ordóige sháifeá amach an chuid eile de na heithní chomh tapa agus ab fhéidir leat. B'in tasc aon láimhe is cuimhin liom a bhain le hobair na ngort mór.
Is cuimhin liom an obair mhaslach a bhain leis an meilt agus le buicéid uisce a iompar. Bhíodh na páistí ag obair chomh maith, ag glanadh na ngort, ag fáil réidh le carraigeacha. Bhíodh na fir i mbun an ghráin nó ag baint phrátaí. D'iompraítí uisce i mbairillí ón tobar amháin uisce a bhí ann. Is beag airgead a bhí ann, mhalartaítí seirbhísí ar earraí ó mhuintir na hIorua.
AN TRÍÚ GUTH : Choinnigh na daimh a neart trí iníor ar na féarthailte agus ní raibh gá acu le grán, mar sin mhalartaigh na coilínigh Éireannacha a gcuid capall ar dhaimh. Bhíodh gíoscán ó na vaigíní cheal bealaidh agus iad á dtiomáint ó ghránlann an phobail go dtí an cró beathaithe. D'éirigh mo thuistí mór le hIndiaigh sa gcomharsanacht. D'fhoghlaim siad uathu cá raibh teacht ar shútha talún agus céard iad na héin ba bhlasta le seilg.
Bhí gach éinne le chéile ag brath ar an bhfómhar cruithneachta chun teacht slán i rith an gheimhridh ar na féarthailte. Thriomaítí an chruithneacht agus ansin is ar urlár crua a bhaintí í, á bualadh le carraigeacha chun na heithní a stóráil. Chuirtí leis an stór chuile bhliain de réir mar a bhí tuilleadh fód á mbriseadh le dua.
Bhí bliain ann agus chuir mo thuistí, agus an mheitheal a tháinig, 40 tonna féir ar fáil. Tharla dóiteán mór an fómhar sin a scaip trí na féarthailte. Dódh an 40 tonna féir ach níor dódh ár mbothán.
Is cuimhin liom giofóga fáin ag teacht chugainn agus fánaithe eile ag éileamh bia, ar dhíriú gunna, agus gan ach an beagán bia againn féin.
AN DARA GUTH : Nuair ba am buailte na cruithneachta é thagadh na coilínigh Éireannacha ar fad le chéile agus théidís ó fheirm go feirm ag cabhrú lena chéile. Comhar na gcomharsan. Bheadh an scoil aon seomra ansin mar halla pobail le haghaidh imeachtaí sóisialta, damhsaí agus pléaráca den sórt sin. Bheadh an fhidil agus an armóin le cloisteáil. Chuirtí cathaoireacha agus deasca i leataoibh agus gach éinne i mbun seandamhsaí na hÉireann.
Chaithfeá uisce a chaidéalú de láimh ó thobar i gcéin nó a iompar i mbairillí ó ghleanntán a bhí níos faide fós uainn. Bhí orainn poill a dhéanamh sa láib bhog i dtóin an ghleanntáin ar maidin ag súil go mbeadh dóthain uisce ann tráthnóna.
Ní raibh fál ar bith ann. Bhí an bhuachailleacht ar siúl ar an mblár fairsing, míle nó mar sin ón mbaile. Comhbhuachailleacht ar siúl sa ló, locadh á dhéanamh ag duine leis féin istoíche.
Sa gheimhreadh, ba ghá luachair a ghearradh sa seascann oighreata chun na beithígh a bheathú.
Tharla lá go raibh dóiteán ag teacht gar dár mbothán. Réitigh mo thuistí na daimh riata, timpeall is timpeall an bhotháin leo chun go mbeadh an chlais sách leathan agus nach ndófaí an bothán go talamh. I gcaitheamh an gheimhridh bhínn ag breith ar mhuscfhrancaigh i ngaiste. Bhínn ag breith ar an scúnc chomh maith agus á fheannadh. Sa samhradh, chuirinn ola ar mhuilte gaoithe na gcomharsan mar nár chuir airde isteach ná amach orm. Ní raibh cead againn tobac a chaitheamh ná a chogaint mar sin is gais arbhair a bhíodh á gcaitheamh againn.
AN TRÍÚ GUTH : Thóg mo thuistí siléar ar fhód an mhachaire agus chuir féar garbh an tseascainn ar an díon seachas slinnte adhmaid. Chlúdaíodar le cré ansin é. Bhíodh go leor sneachta ann sa gheimhreadh, sneachta síobtha a chlúdaigh an bothán.
Daimh a bhris an fód dúinn, cruithneacht an mhachaire a chuireamar ann. Bhíodh an-deabhadh amach ar phaistí chun breith ar ghófair. Is cuimhin liom an cruatan agus dhá bhliain deannaigh agus mé im pháiste. Thugainn an lón chuig mo dheartháireacha sna páirceanna agus ba dheacair radharc a fháil orthu féin agus ar na capaill bhí an oiread sin dusta ann.
Bhain m'athair an féar le speal agus rinne muidne é a rácáil de láimh agus cocaí féir a dhéanamh ansin. A luaithe is a bhí an coca againn threabhadh m'athair dhá chlais timpeall air agus dhóimís an spás idir na cocaí mar chosaint ar thine.
Bhaineadh mo mháthair féar sa mhóinéar le speal. Thugadh sí na páistí léi, á gceangal le chéile agus á marcáil le stáca chun nach rachadh siad amú san fhéar ard.
Sna blianta tosaigh bhí fadhb againn leis an rud ar a dtugtar an "mustard weed" a scaip ar nós na plá. Chaithfeá iad a bhaint de láimh. Thógfadh sé roinnt seachtainí ort fáil réidh leis na deabhail. Níos déanaí, cuireadh bunchloch síos le haghaidh scioból. Ba ghnách lem thuistí agus leis na coilínigh eile aol a theilgean agus a bheiriú agus d'úsáidtí an t-aol sin agus gaineamh tríd chun scoilteanna idir na carraigeacha a shéalú.
Ar ball, chabhraigh mé le m'athair chun na mílte tonnaí féir a rácáil agus nuair a tháinig an t-earrach shiúil mé laistiar de m'athair agus é ag síoladóireacht.
I mblianta triomaigh nuair a theip go hiomlán ar an mbarr ní bheadh baint ar bith ar siúl againn. Ar an meán níor éirigh ach le barr amháin in imeacht ocht mbliana a bheith saor ó na dreoilíní teaspaigh, ón triomach nó ó chlocha sneachta.
AN CHÉAD GHUTH : Lá amháin chuaigh mo mháthair amach as an mbothán chun uisce na soithí a chaitheamh amach. Bhí Indiaigh ina suí in aice le garraí na nglasraí. Sméid siad chucu anall í agus thaispeáin siad dhá lacha di. Theastaigh ó na hIndiaigh iad a mhalartú ar chairéidí agus ar fhataí. Thagaidís ó thráth go a chéile agus lachain nó éisc acu le malartú ar ghlasraí nó ar fhataí. Bhídís ag gabháil thart uaireanta mar a bheadh i bparáid, go leor capaillíní is madraí acu.
Rinne mo mháthair olann a shníomh chun stocaí, miotóga, geansaithe agus scaifeanna a dhéanamh do gach éinne. Bhí cónaí orainn i mbothán beag agus chodlaímis ar thochtanna féir. Bhínnse ag spraoi le bábóga páipéir, pictiúir a ghearraimis amach as catalóga agus iad ag seasamh do mhuintir na cathrach is do mhuintir na tuaithe. Bhí guth ar leith agamsa do na carachtair sin go léir.
An uair úd ní raibh ach lorg na vaigíní ag imeacht fiarthrasna na machairí. An-radharc ab ea é beartán tuí a fheiceáil á ndó istoíche agus feadaíl na bhfear sa chúlra. Vaigín iata a bhí sa bhus scoile againn agus sa gheimhreadh dhéantaí bobshleamhnán de, capaill á tharraingt.
Crann beag duillsilteach a bhíodh sa chrann Nollag againn. Leagtaí é agus mhaisítí gach géag de le páipéar glas síoda. Chuirtí coinnle beaga bídeacha ansin ar na géaga.
Sular tháinig an leictreachas go dtí sráidbhaile Murdock sa bhliain 1923 bhí aithne ar Tom Ness mar lastóir lampaí. Lasadh sé lampaí na sráide chuile thráthnóna.
Is cuimhin liom stoirm dheannaigh uafásach. Bhí an ghaoth ag séideadh an lá ar fad agus scannán dusta ar gach aon rud is ar gach aon duine, fiú istigh i bhfoirgnimh. Ní fhacamar aon cheo! Bhíomar inár staic ansin, ar crith le heagla, an salachar ina chuaifeach mórthimpeall orainn. Bhí an léargas chomh dona sin go mb'éigean dúinn an vaigín a stopadh. Bhí sé deacair d'anáil a tharraingt. Cheapfá go raibh na páirceanna go léir ag bogadh. Ní cuimhin liom stoirm shneachta ba mheasa ná é.